top of page

‘Mar a bhí, Mar atá’
Sraith podchraoltaí as 
Ceantar na nOileán!

In samhraidh 2021 léirigh Glór na nOileán, Oifig Pleanála Teanga Cheantar na nOileán sraith podchraoltaí, ‘Mar a bhí, mar atá’. Clúdaíonn Glór na nOileán an ceantar ó Bhéal an Daingin go Leitir Mealláin. Beidh téama éagsúil á chlúdach i chuile eagrán, cúrsaí mara, cúrsaí stiléireacht agus cúrsaí ceoil ina measc. Dearnadh plé sna podchraoltaí idir an saol mar a bhí sé sa gceantar agus mar atá sé anois. Is ar an ardán Spotify a craoladh na pod chraoltaí.

 

Deir Máire-Áine Uí Ailín, Oifigeach Pleanála Teanga Ghlór na nOileán faoin togra ‘Tá mud uile ar bís faoin togra seo, seo smaoineamh a tháinig óna daoine óga fhéin agus le tacaíocht ó Ealaín na Gaeltachta agus Comhairle Ceantar na nOileán tá muid in ann an deis a chur ar fáil dóibh tabhairt faoi. Tá súil againn go mbeidh muid in ann tógáil ar an srath seo sa todhchaí’

​

D’oibrigh Treasa Bhreathnach ó RTÉ Raidió na Gaeltachta chun comhairle a chur ar na daoine óga seo agus iad a ullmhú don phróiseas, taithí luachmhar do dhéagóirí óga. Seo mar a labhair Feidhlim Ó Cualáin atá páirteach sa togra faoi ‘Deis atá anseo forbairt a dhéanamh ar na suimeanna atá againn agus cur lenár scileanna. Tá muid ag baint an-sásamh as!’

Screen Shot 2022-05-31 at 11.48_edited.jpg

Podchraoltaí ar SPOTIFY

Raidió Scoile bunaithe i Scoil Chuimsitheach Chiaráin  

 

Déanann Scoil Chuimsitheach Chiaráin freastal ar limistéar phleanála teanga na Ceathrún Rua agus Ceantar na nOileán, mar sin tháinig na hOifigigh Pleanála Teanga le chéile chun clár tarraingteach a chur ar fáil don scoil, i measc na ngníomhaíochta tá Club Spraoi, Lá Spraoi, Tograí Ealaíne agus an Raidió Scoile. 

​

Is é an aidhm atá leis an raidió scoile na deis a thabhairt do na scoláirí blaiseadh a fháil do cheird an raidió agus iad a spreagadh i dtreo cláir, podchraoltaí a chruthú i nGaeilge, taobh istigh agus taobh amuigh de bhallaí na scoile. I measc na réimsí a mbeidh siad a chlúdach faoi stiúir Mháirín agus craoltóirí aitheanta eile ó RTÉ Raidió na Gaeltachta beidh; Cúrsaí Nuachta, Iris Chláir, Spóirt agus Iriseoireacht MOJO. 

Screenshot 2022-06-10 at 2.33.53 p.m..png
Screenshot 2022-06-10 at 2.34.16 p.m..png
raidio scc.jpeg
bottom of page