top of page

Leabhar Tacaíochta do Fhoghlaimeoirí Gaeilge

Leabhar Tacaíochta do Fhoghlaimeoirí Gaeilge – cuireadh an uirlis thábhachtach seo le chéile don ghrúpa foghlaimeoirí atá ag freastal ar an Rang Gaeilge do Thuismitheoirí atá á reáchtáil ag Glór na nOileán ó Meán Fhómhair 2020.

Screenshot 2022-06-10 at 2.44.51 p.m..png
7EDADBA3-6317-4BCC-AB79-B55EA7D34D35.JPG

I mBun Pinn

I mBun Pinn – Seoladh cnuasach nua scríbhneoireachta ‘I mBun Pinn’ i mí na Samhna 2021. Is de thoradh ceardlann scríbhneoireachta, faoi stiúir Chiarán Uí Fhátharta agus Áine Durkin, an cnuasach seo. De bharr ghéarchéim Covid 19, is ar an gcóras Zoom a reáchtáladh na ceardlanna seo agus tá éacht bainte amach ag na scríbhneoirí. De bharr gur ar an gcóras Zoom a bhí na ceardlanna á reáchtáil mealladh rannpháirtithe ó Ghaeltachtaí eile, agus sa gcnuasach seo tá saothar le scríbhneoirí as Conamara, Maigh Eo, Ráth Chairn agus Corcaigh. An ghné is suntasaí faoin saothar ná go bhfuil sé uilig i nGaeilge shaibhir agus bhlasta agus canúintí na nGaeltachtaí agus na limistéar éagsúil chun cinn ann. 

Achoimre

Achoimre ar Phlean Teanga Cheantar na nOileán -leagan giorraithe den phlean teanga. Cuirtear síos go gairid sa leabhrán seo ar na bearta atá i bplean teanga Cheantar na nOileán agus na réimsí a bheidh á chlúdach. Tá eolas inti freisin faoi cuid de na staitisticí a bailíodh nuair a bhí an réamh thaighde á dhéanamh do ullmhú an phlean teanga.

Screenshot 2022-06-10 at 2.54.28 p.m..png
Screenshot 2022-06-10 at 2.58.11 p.m..png

Bob Beag an Caimiléir

Bob Beag an Caimiléir – is de thoradh comhthogra idir Fighting Words Chonamara agus Glór na nOileán an leabhar seo. Rinne Fighting Words Chonamara ceardlann i chaon ceann de scoileanna an limistéar seo agus scríobh chaon scoil caibidil de scéal Bob Beag. Tá an scéal bunaithe sa gceantar seo agus Cnoc Leitir Móir, Trá Heuston agus go leor eile luaite inti!

Leabhrán Peile don Aos Óg

Leabhrán Peile don Aos Óg-  le tacaíocht ó Ghlór na nOileán chur Cumann Peile Naomh Anna an leabhrán peile seo le chéile do fhoirne faoi aois an chumainn. Is éard atá inti ná druileanna peile agus cluichí beaga atá gasúir agus tuismitheoirí in ann a chleachtadh sa mbaile. An rud is tábhachtaí ná go bhfuil an téarmaíocht uilig a bhaineann leis á roinnt i nGaeilge leis na gasúir agus na tuismitheoirí. 

Screenshot 2022-06-10 at 3.01.51 p.m..png
bottom of page