top of page
Screenshot 2022-05-31 at 3.49.16 p.m..png

Plean Teanga

Baineann an plean seo le Ceantar na nOileán atá suite ar chósta thiar na Gaillimhe. Is iad Béal
an Daingin, Eanach Mheáin, Leitir Móir, Garumna agus Leitir Mealláin na príomh-oileáin sa limistéar.
Tugann Acht na Gaeltachta 2012 feidhm reachtúil don phróiseas pleanála teanga. Ceapadh
Comhairle Ceantar na nOileán mar cheanneagraíocht le plean teanga a ullmhú do Cheantar na
nOileán in 2014. Is iad Muintearas a leag amach an plean.

 

Tugadh deis do na pobail Ghaeltachta staidéar a dhéanamh ar staid na Gaeilge ina gceantar féin. Aimsíodh laigí agus láidreachtaí, cuireadh pleananna le chéile atá sonrach do chaon cheantar. Tá súil ag Coiste Pleanála Teanga Cheantar na nOileán go gcabhróidh an plean seo, agus na bearta atá luaite
leis, chun an Ghaeilge a choinneáil chomh láidir agus atá sí faoi láthair sa gceantar agus
tacaíocht a thabhairt dóibh siúd a dteastaíonn uathu an teanga a fhoghlaim. Tá 71% den
daonra ina gcainteoirí laethúla Gaeilge i gCeantar na nOileán.

 

Tá muid dóchasach le tacaíocht
ón bpobal, comhoibriú leis na heagraíochtaí atá ag feidhmiú sa gceantar agus na
naíonraí/scoileanna go n-éireoidh go maith linn.
Má tá aon eolas breise uait is féidir teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Pleanála Teanga
ag aon am.

 

  • An Córas Oideachais

  • Seirbhísí Cúraim Leanaí, Réamhscolaíochta agus Tacaíochta Teaghlaigh, lena n-áirítear seirbhísí tacaíochta teanga

  • Seirbhísí don Aos Óg agus d’aoisghrúpaí eile

  • Deiseanna Foghlama taobh amuigh den Chóras Oideachais

  • An Earnáil Ghnó

  • Eagraíochtaí Pobail agus Comharchumainn

  • Na Meáin Chumarsáide

  • Seirbhísí Poiblí

  • Pleanáil agus Forbairt Fisiciúil

  • Seirbhísí Sóisialta agus Caitheamh Aimsire

  • Staid na Gaeilge sa Limistéar – dearcadh, cumas agus nósmhaireacht an phobail ina leith

Réimsí a mbeifear ag díriú orthu:

Roinn na G.jpg
bottom of page